Quantcast
Channel: Gaelport - Féilire na Gaeilge
Viewing all 339 articles
Browse latest View live

Noel Hill & a chairde i gClub Áras na nGael

$
0
0
10/12/2011

Má tá ceol traidisiúnta ghaelach dhá lorg agat, bíonn seisiún ceoil thraidisiúnta ar siúl gach oíche Dé Satharn ag a 9.30 i.n i gClub Áras na nGael i gcathair na Gaillimhe. Is seisiún é seo le ceoltóirí bríomhar éagsúla gach oíche Shatharn.

Ar an 10 Nollaig beidh an ceoltóir cáiliúil Noel Hill agus a chuid cairde ag seinm sa Chlub . I dteannta Noel beidh Seosamh Ó Fathara agus a deirfiúr Sadhbh,Mike Ó hEanaigh, Simon Delaney, George Grasso, Páidi Breathnach, James Frawley agus go leor  leor eile.

Is seo deis iontach theacht le chéile le ceol breá a chloisteáil ós comhair tine breá oícheanta fuar an Gheimhreadh.

Ionad:
Club Árus na nGael
45 Sráid Dominic
Gaillimh.

Am: 9:30i.n 

Le haghaidh a thuilleadh eolas téigh i dteagmháil le Conradh na Gaeilge ar 091-567824 nó seol ríomh-phost chuig conradh@bradan.iol.ie

Tá fáilte roimh ceoltóirí, éisteoirí agus damhsóirí.

Buail isteach againn chun castáil le daoine nua agus le haghaidh píosa chraic trí Ghaeilge.

Tá fáilte roimh chách.

Foilsithe ar Gaelport.com 30 Samhain 2011


Dánta uile an Ríordánaigh á seoladh Cois Laoi

$
0
0
08/12/2011

Seolfaidh an file, Louis de Paor, Corcaíoch ó dhúchas, an leabhar Seán Ó Ríordáin: Na Dánta, i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, ar an Déardaoin, 8 Nollaig ag 5.00 i.n. sa Seomra Caidrimh in Áras Uí Rathaille.

Duine de mhórfhilí na Gaeilge ón bhfichiú haois ab ea Seán Ó Ríordáin. Rugadh i mBaile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí é an 3 Nollaig 1916, agus b’ann a chaith sé tús a óige. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé go cathair Chorcaí le freastal ar scoil ansin, agus d’fhan sé ina chónaí sa chathair an chuid ba mhó dá shaol.  Chuaigh sé le hiriseoireacht agus é ag scríobh go rialta ar an Irish Times.  Bhásaigh sé sa bhliain 1977. 

Sa leabhar nuafhoilsithe  seo tá cnuasaithe le chéile faoi aon chlúdach amháin, den chéad uair riamh, saothar iomlán filíochta Sheáin Uí Ríordáin: na trí chnuasach a foilsíodh lena bheo, Eireaball Spideoige (1952), Brosna (1964), agus Línte Liombó (1971), chomh maith leis an saothar a cuireadh i gcló tar éis don fhile imeacht ar shlí na fírinne, Tar Éis mo Bháis (1978). 

Beidh taispeántas ealaíne atá bunaithe ar fhilíocht an Ríordánaigh le sraith nua pictiúr leis an ealaíontóir as Árainn Seán Ó Flaithearta á sheoladh ag an ócáid seo chomh maith.

Tá míle failte roimh chách 

Tuilleadh eolais
: Bridget Bhreathnach, Cló Iar-Chonnacht – 091 593307/ cloiar@iol.ie

Foilsithe ar Gaelport.com 29 samhain 2011

 

Ciorcal Comhrá i McDonnell's i mBéal an Mhuirthead

$
0
0
08/12/2011

Bíonn Ciorcal Comhrá ar bun i McDonnell's, Béal an Mhuirthead. Beidh sé ar siúl gach Déardaoin ag 9.30, le ceol ó 10.30.

Deis iontach í seo dóibh siúd atá ag iarraidh Gaeilge a fhoglaim ó chainteoirí dúchais.

Bígí linn le haghaidh roinnte comhrá agus cupán tae.

Tuilleadh Eolais: 087 216 9625
Oonagh Ní Chéileachair - Oifigeach Gaeilge Chomhairle Chontae Mhaigh Eo

Guthán: 094 904 7541/ 087 697 2922
R: gaeilge@mayococo.ie 
 
Tá fáilte roimh chách!

Foilsithe ar Gaelport.com 21 Nollaig 2011

Trí leabhar nua le seoladh ag LebahairCOMHAR

$
0
0
07/12/2011

Ag ócáid speisialta sa Leabharlann Náisiúnta ar Dé Céadaoin & Nollaig, seolfaidh an tUasal Bob Collins trí leabhar atá foilsithe ag Leabhiar Comhar, is iad sin, ‘Annála’ le Gréagóir Ó Dúill, ‘An Ghaeilge i gCéin’ atá curtha in eagar ag Siún Ní Dhuinn, agus ‘Saol an Mhadra Bháin’ le Ríona Nic Congáil agus Críona Nangle.

Bailiúchán atá sa leabhar ‘An Ghaeilge i gCéin’ de smaointeoireacht an duine le Gaeilge a bhfuil nó a raibh cónaí orthu thar lear.  Saibhrítear tuiscintí agus leathnaítear meoin trí bhlaiseadh a fháil den scéal i gcéin agus é a ríomh i gcomhthéacs na teanga agus a dúshláin ina tír dúchais. 

Cuirfear tús leis an ócáid seo sa Leabharlann Náisiúnta, Baile Átha Cliath ag 6pm anocht, Dé Céadaoin, 7 Nollaig 2011.

Foilsithe ar Gaelport.com 02 Nollaig 2011

Club Scannán Iorrais

$
0
0
07/12/2011

Tá Club Scannán Iorrais faoi shiúl anois! Beidh an scannán ar siúl Dé Ceadaoin 7 Nollag.

Is ea ‘The Cabinet of Dr.Caligari’ an mhí seo.

Beidh sólaistí ar fáil agus beidh fáilte roimh chách agus a dtuairimí.

Dáta: Dé Céadaoin, 7 Nollaig 2011

Am: 7.30i.n 

Ionad:
Áras Inis Gluaire
Áisleann Bhéal an Mhuirthead
Béal an Mhuirthead
Co. Mhaigh Eo

Foilsithe ar Gaelport.com 05 nollaig 2011

Clinic FNT i gCill Dhéagláin

$
0
0
06/12/2011

Ceisteanna agat faoi Naíonraí? Freagraí ar fáil anseo...

Tá Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT) ag eagrú sraith clinicí timpeall na tíre i láthair na huaire agus beidh an chéad chlinic eile ar siúl ar an 6 Nollaig, i gCill Dhéagláin.

Beidh muintir FNT ar fáil i ndiaidh am Naíonra (3.30 – 6.00) san ionad thíos le bualadh le Stiúrthóirí agus/nó coistí Naíonraí. Ar maidin, beidh siad ag tabhairt cuairt ar Naíonraí sa cheantar nach féidir freastal ar an gclinic, ag bualadh le coistí cúram leanaí agus ag déanamh poiblíochta ar FNT agus Naíonraí an cheantair.

Tá sé i gceist tacaíocht láidir a léiriú leis na clinicí seo agus deis a thabhairt don fhoireann agus do mhuintir Naíonraí aithne níos fearr a chur ar a chéile. Chuige sin ba mhaith le FNT cuireadh a thabhairt do Stiúrthóirí Naíonraí agus a foirne teacht chun bualadh leo agus plé a dhéanamh ar cheisteanna agus ábhar ar bith atá bainteach leis an Naíonra.

Beidh foireann FNT i Leabharlann Chill Dhéagláin, 1-2 Killegland Square Upper, Co. na Mí ó 3.30i.n. go 6.00i.n. Dé Máirt, 6 Nollaig 2011

Fáiltíonn FNT roimh cheisteanna agus aon ábhair phlé eile a sheoladh chucu roimh ré, ionas gur féidir leo aiseolas cuí agus cruinn a sholáthar ar an lá.

Is cuideachta dheonach uile-Éireann í Forbairt Naíonraí Teoranta, a thacaíonn le seirbhísí, cúram is oideachas trí Ghaeilge a chur chun cinn do pháistí ó aois an chliabháin ar aghaidh. Cuireann Forbairt Naíonraí Teoranta tacaíocht ar fáil chun na seirbhísí trí Ghaeilge seo thíos a bhunú, a bhuanú agus a riaradh: naíolanna, naíonraí, seirbhísí aois scoile, campaí samhraidh, agus grúpaí tuismitheoirí/caomhnóirí agus leanaí.

Faigheann Forbairt Naíonraí Teoranta maoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.

Tuilleadh eolais:
Clíona Frost
T:086-0403709
R:eolas@naionrai.ie

Foilsithe ar Gaelport.com 30 Samhain 2011

Ráth Chairn na Gréine á sheoladh go hoifigiúil

$
0
0
03/12/2011

Déanfar an leabhar “Ráth Chairn na Gréine” a sheoladh go hoifigiúil Dé Sathairn, 03 Nollaig, ag ócáid speisialta in Áras Pobail Ráth Chairn, Áth Buí, Co. na Mí. 

Is bailiúcháin álainn d’amhráin agus de dhánta ó Ghaeltacht Ráth Chairn é “Ráth Chairn na Gréine” atá curtha i dtoll a chéile ag Siobhán Seoighe. 

Ag labhairt faoina saothar, dúirt Siobhán Seoighe, “Is é an aidhm atá leis an leabhar seo ná bailiúchán chomh cuimsitheach agus is féidir de théacsanna na n-amhrán agus na ndánta a cumadh faoi agus i Ráth Chairn a thiomsú le chéile.  Nuair a chuir mé tús leis seo ar dtús, chuir sé iontas orm go raibh an oiread amhrán agus dánta ann a bhain le háit chomh beag le Gaeltacht Ráth Chairn”.

Tá 36 téacs d’amhráin agus de dhánta bailithe le chéile sa leabhar seo agus tá 18 údar i gceist idir óg agus aosta, a bhfuil a dtuiscint féin acu ar rothaí móra an tsaoil.  Mar thionlacan don leabhar, tá dlúthdhiosca de na hamhráin a bailíodh.  

De réir an údair, ba é ceann de na príomhchúiseanna taobh thiar den leabhar seo ná go raibh suim i gcónaí aici san fhilíocht bhéil toisc gur seoid luachmhar í don phobal beag Gaeltachta seo atá suite i lár Chontae na Mí. Ach ina theannta sin, dar le Siobhán go bhfuil scéal le hinsint i ngach amhrán agus píosa filíochta. Sa leabhar seo, faightear léargas agus eolas ar an bhfile, ar an bpobal agus ar an tsochaí i gcoitinne, mar aon le cruthú sóisialta agus stair an cheantair.

Tá “Ráth Chairn na Gréine” foilsithe ag Glór na nGael agus beidh sé ar fáil le ceannach ar an oíche nó ar www.udar.ie.  Beidh Edel Ní Chuirreáin, Ceannasaí RTÉ Raidió na Gaeltachta i láthair chun an leabhar a sheoladh go hoifigiúil, agus beidh an grúpa áitiúil Éamonn agus Micheál ag cur neart siamsaíochta ar fáil!

Smaoineamh maith do stoca na Nollag b’fhéidir…

Míle fáilte roimh chách

Foilsithe ar Gaelport.com 30 Samhain 2011

Gearóid Ó Dubháin i mbun ranganna ar an sean-nós

$
0
0
02/12/2011

Beidh an damhsóir cumasach Gearóid Ó Dubháin  as An Aird Mhór i gCill Chiaráin ag reáchtáil ranganna damhsa ar an sean-nós i Halla Chill Chiaráin i gceantar Iorras Aithneach.

Ba é Gearóid a church leis Corn TG4 le linn comórtas rince aonair ar an sean-nós le linn Oireachtas na Samhna I gCill Airne anuraidh.

Ionad:
Halla Chill Chiaráin
Cill Chiaráin
Co. na Gaillimhe

Tuilleadh eolais: 087 9626408

Foilsithe ar Gaelport.com 30 Samhain 2011


Cruinniú maidir leis an Acht Teanga

$
0
0
02/12/2011
I gCathair na Gaillimhe ar 02 Nollaig reáchtálfar cruinniú poiblí maidir leis na himpleachtaí a bhaineann le cinneadh an rialtais feidhmeanna Oifig an Choimisinéara Teanga a chur faoi Oifig an Ombudsman.

Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag eagrú an chruinnithe a bheidh ar siúl ag 2 i.n. in Óstán Pillo, Bóthar Áth Chinn, trasna ó 
Óstán Menlo Park.

©Foilsithe ar Gaelport.com 24 Samhain 2011

Comhdháil Gaeloideachais in Iúr Cinn Trá

$
0
0
01/12/2011

Beidh an tAire Oideachais ó thuaidh,  An tAire John Ó Dowd, ag freastal ar chomhdháil de chuid POBAL, scátheagras abhcóideachta ó thuaidh, Déardaoin 1 Nollaig, i dTeach na hÉigse, Iúr Cinn Trá. Tosaíonn an ócáid ar 9.30 – 2.00. 

Ag an chomhdháil beidh oideachasóirí, múinteoirí, ionadaithe na gcoláistí oiliúna agus lucht na Gaelscolaíochta thuaidh agus theas ag díriú ar na bealaí le cur le comhoibriú  uile-oileánda chun an leas is mó a bhaint as na hacmhainní, as an eolas agus as an oiliúint atá ar fáil d’earnail na gaelscolaíochta i dtaca le páistí le sainriachtanais.
 
Ag an ócáid, beidh tuairisc taighde atá déanta ag POBAL ar  Riachtanais Speisialta Oideachais i scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán: Taighde uile-oileánda ar riachtanais tacaíochta agus traenála na hearnála ar fáil.   

Beidh na saineolaithe ag roinnt eolais agus ag plé na féidearthachtaí cuí, ach go háirithe I gcúrsaí traenála agus taighde, faoi stiúir an tOllamh Dónall Ó Baoill, a bheidh ina Chathaoirleach ann. 
 
Tá an ócáid seo a reáchtáil ag POBAL le maoiniú Ó COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaelscolaíochta agus Gaeltachta)

Tuilleadh eolais: Caroline Nolan  ar 00+ 353 85 16 32772 nó  ar r-post, cnolan@btinternet.com

Foilsithe ar Gaelport.com 30 Samhain 2011

Cruinniú Poiblí i nDún Droma

$
0
0
29/11/2011
Tá Gaelcholáiste nua le hoscailt i nDún Droma i mBaile Átha Cliath i 2014 agus tá coiste bunaithe na scoile i mbun ullmhúcháin cheana féin don scoil nua.

Chuige sin reáchtálfar cruinniú poiblí ar an ábhar ar 29 Samhain  ag 8 i.n. ar láthair na scoile nua ar Bhóthar Sydenham.

Scoil ilchreidmheach do bhuachaillí agus do chailíní a bheidh ann agus  tá coiste na scoile ag súil go mbeidh Coiste Gairmoideachais Chontae Átha Cliath mar phátrún ag an scoil.

©Foilsithe ar Gaelport.com 28 Samhain 2011

The Gathering - Féile Ceoil traidisiúnta 2012

$
0
0
22/02/2012

Mar chuid den Teacht le chéile The Gathering na bliana seo beidh neart imeachtaí cultúrtha ar siúl i gCill Airne i gCiarraí ón 22-26 Feabhra 2012.

Mar chuid de bhuaicphointí an fhéile ceoil traidisiúnta seo atá ag ceiliúradh trí bliana déag ar an bhfód i mbliana beidh scoth na gceoltóirí agus amhránaithe ag dul chun stáitse agus ag roinnte a gcuid scileanna leis an bpobal le linn na gceardlainne.

I measc na n-imeachtaí beidh ceardlainne, ranganna, ceolchoirmeacha, léachtaí agus neart seisiúin ceoil ar siúl le linn an ama sin.

I measc na gceoltóirí beidh Meati Jó Shéamuis, Séan Garvey, Tim Dennehy i bhfieghil ceardlainne amhránaíochta. Beidh Paudie O‘Connor ar an mbosca ceoil agus Pádraig Buckley ar an bhfeadóg stain.

Beidh an fidléir cumasach Connie O Connor I dteannta Emma O Leary ar an bhfidil agus is í Máiread Casey a bheidh ag teagasc damhsa ar an sean-nós.

Ag glacadh páirt sna ceolchoirmeacha beidh an banna aitheanta Danú, Seán Tyrrell, Rónan Browne agus Kevin Glackin. Ar stáitse freisin beidh Liz agus Yvonne Keane as Conamara mar aon le Edel Fox, jack Talty agus an ceoltóir aitheanta Noel Hill as Co. An Chláir.

I measc beidh Banna Ceoil The Mountain Road, Gerry Harrington, Billy Clifford, Jackie Daly & Pal De Grae, Conal Ó Gráda, Paddy Cronin, banna Ceoil an Kilfenora, Gearóid Dineen, Tommy & Siobhán People agus Joe and Anne Burke.

Beidh an t-amhránaí cumasach Neill Ní Chróinín bean óg a chroch léi dhá ghradam le linn Oireachtas na Samhna in 2010 i láthair ag The Gathering i mbliana.

Tá an-aithne ar Neill ar fud na tíre mar amhránaí sean-nós den scoth le cúpla bliain anuas. 

Beidh neart ceol, damhsa agus comhrá agus malartú cultúir ann sa tráthnóna tar éis na ranganna.

Tuilleadh eolais:
Fiosrúchán Lóistín
Teil : +353 (0) 64 66 71550
Rphost:  info@destinationkillarney.ie

Fiosrúchán maidir le ceardlainne agus ceol: 087 2348824 / info@inec.ie

Foilsithe ar Gaelport.com 10 Eanáir 2012

Sult i gCeatharlach

$
0
0
23/02/2012

Cuirfear céad míle fáilte roimh chách chuig SULT, oíche shóisialta trí Ghaeilge ar an Déardaoin, 23 Feabhra 2012 i gCeatharlach.

Tagann daoine le chéile ar an Déardaoin deireanach de gach mí chun taitneamh a bhaint as caint, comhrá agus comhluadar trí Ghaeilge agus cuirtear fíorchaoin fáilte roimh dhaoine nua i gcónaí.

Is deis iontach í seo do dhaoine gur mhian leo an Ghaeilge a labhairt go sóisialta agus bualadh le cainteoirí Gaeilge eile.
Bailíonn SULT le chéile ag an mbord Gaeilge díreach taobh istigh den doras tosaigh i dTeach Dolmain.

Cuirtear fáilte faoi leith roimh fhoghlaimeoirí  agus tugtar deis dóibh an teanga a chleachtadh i suíomh taitneamhach, nádúrtha.

Ionad:
Teach Dolmain
Sráid Tullow
Ceatharlach

Am:
9.00i.n.

Tuilleadh eolais ó Emma i Glór Cheatharlach: T: 086 1502726
R: emma@glorcheatharlach.ie

Foilsithe ar Gaelport.com 17 Feabhra 2012

Cabaret Craiceáilte Tigh Hudaí Beag

$
0
0
25/02/2012

Beidh an Cabaret Craiceáilte ar siúl Tigh Hudaí Beag ar Sathairn, 25 Feabhra 2012.

I láthair ar an oíche beidh an banna ceoil ‘Bréag’ … an grúpa reggae is fearr in Éirinn.  Tá clú agus cáil bainte amach ag Bréag ar fud an domhain le blianta anuas.

Tá ceoil bríomhar traidisiúnta acu le stíl éagsúil féin acu.  Is as bhunú Beal Feirste den ngrúpa agus tá tionchar na Gaeilge go mór le cloisteáil ina gcuid ceoil.

Beidh ceoltóirí eile ar stáitse le linn na hoíche freisin ina measc beidh na Dirty 9’s, Rís, Tura Aru Tura agus go leor ceoltóirí/síamsóirí eile.

Ionad:
Tigh Hudaí Beag
An Bun Beag
Co Dhún na nGall
 
Dáta: 25 Feabhra 2012 

Am:  ón 9:30 i.n ar aghaidh

Caith ort na bróga damhsa agus buail isteach ag an Chabaret Craiceáilte

Tuilleadh eolais: www.craiceailte.com

Bígí craiceáilte!

Foilsithe ar Gaelport.com 22Feabhra 2012

Deireadh Seachtaine Cuimhneachán Mhico Russell

$
0
0
24/02/2012

Bhí clú agus cáil ar Mhico Russel mar cheoltóir den scoth ar an bhfeadóg stáin agus is minic a bhíonn a chuid ceoil fós le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus agus ar fud na cruinne agus is lear gur fhág sé a lorg ar stíl ceoil na tír seo.

Ní ón ngaoth a thóg Micho Russel an ceol ach óna mhuintir roimhe. Bíodh a mháthair agus a dheartháir Packie ag seinm ar an consairtín agus bhíodh a dheartháir Gussia ag seinm ar an bhfeadóg stáin agus ar an bhfeadóg mhór.

Bhain Micho Craobh n hÉireann amach ar an bhfeadóg stáin in 1973.  Bhí stíl ceoil faoi leith aige a chuireadh an lucht éisteachta faoi dhraíocht agus bhí caidrimh iontach nádúrtha  aige le daoine a bhíodh ag éisteacht lena chuid ceoil. Le linn na seachtóidí bhí clú agus cáil air agus é ag seinm ag ócáidí ar fud na tíre seo agus ar fud na cruinne freisin. 

Is minic a bhíodh sé le feiceáil ag Scoil Shamhraidh Willie Clancy i Sráid na Cathrach agus idir a chuid foighne agus a choinsiasach bhí an-tóir air mar teagascóir le linn an scoil shamhraidh. Fuair Micho bás i mí Feabhra 1994.

In onóir a chuid ceoil agus á shaothar bíonn Deireadh Seachtaine Cuimhneacháin Mhico Russell á reáchtáil i Dúlainn i gCo. An Chláir le seacht mbliain déag anuas.

I mbliain beidh an comórtha ar siúl ón 24-27 Feabhra 2012 le imeachtaí á reáchtáil in Ionad Mhico Russell agus i dtithe Tábhairne éagsúla sa cheantar.

Beidh go leor ceardlainne, ranganna, léachtaí, seisiúin amhránaíocht agus sean-nóis mar aon le ceolchoirmeacha agus seisiún ceoil ar siúl le linn comórtha na bliana seo agus beidh neart ceoltóirí áitiúil ina measc.

Ag 2i.n ar an Satharn, 25 Feabhra beidh ceolchoirm den scoth i gcuimhne Mhico Russel agus clan ceolmhar Russell ar siúl in Ionad Chultúrtha Russell agus is é an t-amhránaí clúiteach Seán Keane agus a bhanna ceoil a bhith i láthair. Ticéid €20 fíon agus sólaistí san áireamh. Beidh na doirse oscailte ag 1i.n .

Tuilleadh eolais:
Rphost: info@michorussellweekend.ie

Guthán: +353 (0)65- 7074595, 7074168, 7074328, 7074133, 085 2807578
Tá liosta de na himeachtaí ar fáil ar: www.scoilcheoil.com

Foilsithe ar Gaelport.com 10 Eanáir 2012


Cruinniú Poiblí- An tSamhail Nua Mhaoinithe

$
0
0
25/02/2012

Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin ar an tSamhail Nua Maoinithe, tá Foras na Gaeilge ag eagrú seisiúin comhairliúcháin phoiblí ar fud na tire le deis a thabhairt don phobal a dtuairimí a léiriú.

Tá ceann amháin de na seisiúin comhairliúcháin sin á eagrú ar an lá céanna a mbeidh Bronnadh Duaiseanna Bliantúil Ghlór na nGael ar siúl ar an Satharn an 25 Feabhra 2012.

Beidh an cruinniú ar siúl mar a leanas:

Dáta: Dé Sathairn, 25 Feabhra 2012

Am: 2.00 – 4.00i.n

Ionad: 
Teach Ósta The Carton House
Maigh Nuad
Co. Chill Dara

Tá eolas faoin tSamhail Nua Maoinithe agus na Doiciméid Comhairliúcháin ar fáil ag:
www.gaeilge.ie/samhail

Beidh seirbhís aistriúcháin chomhuaineach ar fáil

Fáilte roimh chách

Foilsithe ar Gaelport.com 21 Feabhra 2012

Show For Sergio - Oíche Mhór Ceoil i Sr. Vicar

$
0
0
25/02/2012

Beidh ceoltóirí agus an t-amhránaithe cumasacha ag dul ar stáitse i Sráid Vicar i mBaile Átha Cliath ar 25 Feabhra 2012 mar chuid de sraith ceolchoirm atá á reáchtáil chun cabhrú leis an gcarthanachta ar mhaith le Sergio O’Connor, leanbh óg a bheidh a dul faoi chothrom leighis sna stáit Aontaithe amach anseo.
 
Is mac é Sergio leis an gceoltóir aitheanta Dónal O'Connor agus tá an-áthas ar Dhónal go mbeidh ceoltóirí agus amhránaithe  den scoth ag glacadh páirt san oíche mhór ceoil áirithe seo.
 
Beidh scoth na gceoltóirí agus amhránaithe aitheanta i láthair ar an oíche, ina measc beidh  John Sheehan & Barney McKenna ón mbanna clúiteach The Dubliners, an t-amhránaí Frances Black, Finbar Furey, Na Casaidigh, Lad Lane, Aoife Scott, The Bonnymen, Alainn, Peter Browne, Michelle O Brien and friends, Eamonn Galldubh mar aon le aíonna speisialta eile.
 
Tá oíche den scoth de siamsaíocht agus neart ceol gaelach geallta ar an oíche agus rachaidh an t-airgead ar son cúis an-mhaith.
 
Ionad:
Vicar St.
58-59 Sráid Thomáis
Baile Átha Cliath 8
 
Dáta: 25 Feabhra 2012
 
Am: 8:30 i.n  (Doirse ar oscailt ó 7:30i.n)
 
Cead isteach: €25
 
Tuilleadh eolais agus Áirithint: www.ticketmaster.ie / www.helpsergio.com

nó ó Claddagh Records, Barra an Teampaill Tel:353 (0) 1 677 0262

Foilsithe ar Gaelport.com 15 Feabhra 2012 

Siúlóidí san Ardchathair leis Na Cnocadóirí

$
0
0
26/02/2012

AR MHAITH LEAT TRIAIL A BHAINT AS SIÚLÓID SLÉIBHE?
 
Is iontach iad na siúlóidí sléibhe, ní hamháin chun gníomhaíocht fholláin aclaí a dhéanamh ar an Domhnach, ach chun eolas a chur ar thíreolaíocht agus stair ár dtíre ársa féin, agus chun aithne a chur ar dhaoine nua ag an am céanna.
Agus seo chugat deis é sin ar fad a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.
 
Tá siúlóid éasca do thosaitheoirí á reáchtáil ag na Cnocadóirí ar an Domhnach, 26 Feabhra, i gceantar Bhaile an tSeiscinn, atá achar beag ó dheas de Áth na Sceire, Co. Chill Mhantáin.
 
Tosóimid ag siúl thart ar 11:45, agus leanfaimid ar aghaidh ar feadh 3 huaire go leith nó mar sin, briseadh lóin san áireamh. Siúlóid éasca a bheidh ann ar chosáin foraoise agus sléibhe den chuid is mó, le timpeall 100m dreapadh. 
Beidh buataisí nó bróga láidre ag teastáil uait, cóta te agus mála droma ina mbeidh éadaí báistí, lón, uisce agus deoch te.  Fáilte roimh chách.
 
Áiteanna cruinnithe: (i gcomhair comhroinnt carranna agus treoracha)

10:30: Oifigí an ESB, Sráid Mhic Liam, BÁC 2.
11:15:  An Stad Bus, Lár an bhaile, Áth na Sceire, Co. Chill Mhantáin.

Tuilleadh eolais: www.cnocadoiri.com nó 086 1023 276

Foilsithe ar Gaelport.com 16 Feabhra 2012

Andy Irvine ar stáitse san Ardchaithair

$
0
0
28/02/2012

Mar sraith de siamsaíochta den scoth a bhíonn  arna eagrú ag Conor Byrne dar teideal “The Liffey Banks Sessions” bíonn ceoltóirí/amhránaithe den scoth le cloisteáil go rialta.

Ar an 28 Feabhra beidh ceolchoirm mór leis an gceoltóir/amhránaí cumasach Andy Irvine ag dul chun stáitse.

Tá clú agus cáil ar Andy Irvine mar ceoltóir aitheanta anseo in Éirinn agus ar fud na cruinne. Seinm sé an mandolin, mandola agus  bouzouki.

Ionad:
Grand Social
Sráid na Life
Baile Átha Cliath 1  

Am: 8:00i.n

Cead isteach: €18/€16

Tuilleadh eolais: www.thegrandsocial.ie

Foilsithe ar Gaelport.com 16 Febhra 2012

Viewing all 339 articles
Browse latest View live